Ar A Ghabhail 'N A 'Chuain Damh Clannad

Tekst piosenki

  • Tekst piosenki Redakcja
Ar a ghabháil 'n a 'chuain damh
'S mé bhí go huaibhreach
Tinn lag buartha im intinn
Bhi me feachaint uaim ar an speir aduaidh
'S í éaló uaim 'na trealtai

Ach faraoir géar géar
'S mé an ceann gan chéill
Níor ghlac mé comhairle mo mháithrin féin
'S gur dhúirt sí liom fríd chomrá ghrinn
Go Béal-Ath-hAmhnais 's ná triall ann

Ach ba mhón a thug mé grá
Do mo chailín bán
An lá breá i gcúl an gharraí
'S do bhéilín bláth mar chúr na trá
'S do ghruann chomh dearg leis na caorthainn

Chuir mé lámh ar an chuan
'S bhí mo chroí lán gruaim
Ag ceiliúr caoin na n-éanlaith
'S nach trua gan mise ag éaló leat
Faoi rópaí 's seoltaí seidte

Orú, a chuid 's a rún
Dá ngluaisfeá ar súil
Go tír na long as Éirinn
Níl tuirse croí nó tinneas cinn
Nach leighisfí ann gan amhras

Nó ba tú mo rogha innui is inné
Agus coinnich agat féin ón bhás mé
Nó gan ghrásta Dé ní mhairfitdh mé
Ar an tsráid seo i mBéal-Ath-hAmhnais




Oceń to opracowanie
anonim